Ba phribhléid é tabhairt faoin taighde seo ar Inis Meáin agus é de sprioc againn saibhreas teanga agus saibhreas flóra an oileáin a shníomh le chéile agus a cheiliúradh.
Tá a cháil amuigh ar Inis Meáin mar útóipe don Ghaeilge le fada an lá. Toisc an t-oileán a bheith scoite amach go stairiúil ón gcuid eile den tír agus den saol, tá oidhreacht bheo le brath anseo ar dheacair teacht ar a leithéid áit ar bith eile. Más amhlaidh an scéal ó thaobh na teanga de, is fíor é ó thaobh na bithéagsúlachta de freisin agus an t-oileán ina thearmann do réimse leathan flóra agus fána.
Mar is eol do chách a leag cos ar an oileán creagach seo riamh, is uathúil agus is speisialta an áit í. Iarracht atá i ‘Pabhsaeir Inis Meáin’ blaiseadh beag den uathúlacht sin a chruinniú le chéile, a chaomhnú agus a roinnt leis an saol mór – ó phabhsaeir go puiteacha. Níl ach líon teoranta bláthanna sa leabhrán seo i gcomparáid leis an réimse leathan plandaí a fhásann go fiáin ar Inis Meáin. Tugadh tosaíocht anseo dóibh siúd a raibh suntas ag gabháil leo ó thaobh an tseanchais, nó ó thaobh na bithéagsúlachta de.
Gabhaim buíochas ó chroí le gach duine a thacaigh leis an togra seo: na hagallaithe áitiúla a roinn a gcuid ama agus cuimhní go fial liom, gach ball pobail a líon isteach ceistneoir bhéaloideas na bpabhsaer, scoláirí agus foireann Scoil Náisiúnta Inis Meáin, Aisling Nic an tSíthigh a chuir comhairle orm i ndáil le cúrsaí luibheolaíochta, Orlaith Breathnach a roinn a cuid taighde béaloidis féin agus a comhairle liom go flaithiúil, Éadaoin Ní Dhomhnaill a chuir comhairle orm i ndáil le cúrsaí litrithe agus canúna, agus dar ndóigh na maoinitheoirí Pleanáil Teanga Inis Meáin agus Oifig Bithéagsúlachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe, nach mbeadh an leabhrán seo ar an bhfód ina n-éagmais.
Tá súil agam go gcuirfidh ‘Pabhsaeir Inis Meáin’ oiread gliondair oraibh a léamh agus a chuir sé orm é a scríobh.
Le meas,
Aedín Ní Thiarnaigh
No Comments
Add a comment about this page